Menu

Croí á Mhúscailt

Uair nó dhó le linn and dráma, rinne mé dearmad gur puipéid a bhí iontu agus nach fíordhaoine.

— Gaelscéal

Níl Daideo ina chathaoir níos mó. Tá Mamó ag cur a saol agus a gcuid cuimhní i málaí ach baineann an cailín óg gach rud amach, chun spraoi leo.

Insíonn Croí á Mhúscailt scéal cailín óg a chaill a seanathair le déanaí agus féachann sé ar an ngaol idir an cailín agus a seanmháthair, agus an taithí difiriúil a bhfuil acu maidir le brón. Suite i seomra suí theach na seantuismitheoirí, dírítear ar chathaoir uilleach fholamh, agus na cásanna ina bhfuil Mamó ag pacáil a cuimhní cinn.

Pléann an scéal seo an gaol idir sean agus óg go paiteanta. Insítear an scéal go han-álainn le puipéadóireacht, ceol agus cathaoir iontach. Tugann Branar an lucht féachana ar thuras álainn croíúil isteach i saol cailín agus a Mamó.

I mí an Mhárta 2013 chuaigh Croí á mhúscailt ar camchuairt go dtí an Danmhairg chun an seó a cur i láthair ag Ionad Teatre Refleksion in Aarhus. D’fhill an seó ar Éirinn ansin agus chuaigh sé ar chamchuairt náisiúnta chuig 12 ionad ar fud na tíre.

Seó Gan Teanga.

Dírítear an seó seo ar pháistí 7+ bhliain d'aois.

Fad reatha - thart ar 40 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Comhstiúrthóir
Bjarne Sandborg (Teater Refleksion)
Léiritheoir
Joanne Beirne
Dearadh Seite
Marc Mac Lochlainn agus Marcus Quinlan
Cumadóir
Morgan Cooke
Dearadh Soilse
Marcus Quinlan
Taibheoir
Réidín Ní Thuama
Taibheoir
Neasa Ní Chuanaight
Dearadh Puipéid
Suse Reibisch
Dearadh Feistis
Miriam Donohue
Bainisteoir Teicniúil
Ciarán Kelly
Riarthóir
Aneesah Hijazeen
Teicneoir Camchuairt
Mike Byrne