Cá rachaidh tú nuair nach bhfuil aon áit le dul?
Sa siopa beag rothar ar imeall an bhaile, tá domhan lán d’eachtraíocht ag fanacht ort. Téann beirt bhuachaillí agus a rothair ag taisteal ar fud an domhain sa taispeántas seo a bhaineann spraoi ón ngnáthshaol – níl aon teorainn lenar féidir a tharlú. Déanann an léiriú spleodrach seo, cruthaithe ag Branar Téatar do Pháistí agus curtha ar stáitse ag Miquel Barceló agus Moisés Mas García, ceiliúradh ar chumhacht na samhlaíochta.
Léirítear Rothar i gcomhpháirt le Drámaíocht OÉ Gaillimh agus Baboró Féile Idirnáisiúnta Ealaíon do Pháistí, mar chuid de Tionscnamh Mapála An Eoraip Chruthaitheach.
Dírítear ar páistí 4 bliain agus níos sine.
Fad reatha - thart ar 45 nóiméad.
Seó gan teanga.