Menu

Branar Meitheal Tacaíocht Ealaíontóra

Tá Branar Meitheal cruthaithe le tacaíocht ó deontas Creative Production Services Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

Clár tacaíochta dinimiciúil d’ealaíontóirí agus léiritheoirí a chruthaíonn saothair do daoine óga i ngach ndisciplín taibh-ealaíona.

Trí thacaí saincheaptha agus deiseanna forbartha coimeádta go cúramach, cruthaíonn Branar Meitheal grúpa ealaíontóirí agus léiritheoirí leis an teolas, na scileanna, an taithí agus na naisc a thacaíonn leo gairm bheatha a cruthú ag forbairt agus ag cur i láthair saothair d'ardchaighdeáin do leanaí agus daoine óga in ionaid agus i suíomhanna ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.

Tá an chaoi a n-oibrímid chomh tábhachtach leis an méid a dhéanaimid. Mar chuid de chlár Branar, tá luachanna Branar Meitheal mar an gcéanna: ‘cróga inár roghanna, láidir i cruthú ealaíon den scoth do páistí, flaithiúil sa chaoi a n-oibrímid, spraíúil inár gcur chuige & dílis maidir le cé muid féin.

Tá Branar Meitheal 2025 –2026 faoi lán seoil le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Cuir aithne ar rannpháirtithe na bliana seo anseo, agus iar-rannpháirtí anseo.

Faoi Branar Meitheal

Aidhm Branar Meitheal

An cruthú de obair d'ardchaighdeáin do dhaoine óga in Éirinn a chur chun cinn tríd an cur amach, an cultúr agus na coinníóllacha is fearr chumasaíonn é a thuiscint agus a chothú.

Fís Branar Meitheal

Todhchaí ina bhfuil obair do dhaoine óga faoi bláth, ina bhfuil luach gan amhras uirthi agus ina saothraítear í laistigh d’éiceachóras inbhuanaithe.

Misean Branar Meitheal

Trí thacaí saincheaptha agus deiseanna forbartha coimeádta go cúramach, cruthaíonn Branar Meitheal grúpa ealaíontóirí agus léiritheoirí leis an teolas, na scileanna, an taithí agus na naisc a thacaíonn leo gairm bheatha a cruthú ag forbairt agus ag cur i láthair saothair d'ardchaighdeáin do leanaí agus daoine óga in ionaid agus i suíomhanna ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.

Spriocanna Branar Meitheal

- Muinín agus cumas na n-ealaíontóirí agus na léiritheoirí atá páirteach a mhéadú chun go mbeidh gairm inbhuanaithe acu ag cruthú saothar d'ardchaighdeán do lucht féachana óga le hacmhainní agus struchtúir tacaíochta cuí.

- Pobal éagsúil agus cuimsitheach de dhaoine cruthaitheacha a thógáil a bhfuil an saineolas agus an chaidrimh acu chun léiriúcháin a chuir i láthair do lucht féachana óg i ngach ndisciplín taibh-ealaíona.

- Chun Líonra Alumnais Meitheal a chruthú le hiar-rannpháirtithe

- Tacú le forbairt, le cur i láthair agus le camchuairt saothair do lucht éisteachta óg.

- Malartú idirnáisiúnta a éascú chun múnlaí cleachtais a phlé agus naisc chumasúcháin a thógáil.

Luachanna Branar Meitheal

Cróga sna roghanna a dhéanann muid, láidir i gcur chun cinn na n-ealaíon ar ardchaighdeán do pháistí, flaithiúil lenár modhanna oibre, spraíúil inár gcur chuige, dílis dá bhféiniúlacht.

Comhpháirtithe Branar Meitheal

Seo iad meitheal na n-ionad, na bhféilte agus na maoinitheoirí a thugamar le chéile.

Abbey Theatre, Dublin
The Ark, Dublin
The Arts Council of Ireland
Baboró International Arts Festival for Children, Galway
Backstage Theatre, Longford
Belfast Children’s Festival, Belfast
Catherine Wheels, Edinburgh, Scotland
Draíocht, Blanchardstown
Druid, Galway
The Egg, Bath, England
Galway City Council
Galway County Council
Imaginate, Edinburgh, Scotland
Linenhall Arts Centre, Castlebar  
Luail, Ireland’s National Dance Company  
Mermaid Arts Centre, Wicklow  
National University of Ireland, Galway  
Polka Theatre, London, England 
Riverbank Arts Centre, Newbridge  
Roscommon Arts Centre, Roscommon  
Starcatchers, Edinburgh, Scotland 

Cén Fáth a Oibríonn Branar Meitheal

Sainaithníodh sa mheastóireacht neamhspleách ar chlár píolótach Branar Meitheal 2021-2023 7 bpríomhfhachtóir a chuir le rath an chláir agus leis an thionchar a bhí ar rannpháirtithe.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi rannpháirtithe an tionscnaimh phíolótaigh seo anseo.

#1 Fís agus flaithiúlacht Branar, mar an máthairchuideachta, ag tabhairt seasamh agus naisc don tionscnamh, i gcomhthéacsanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ag cur leis le luachanna soiléir.

#2 Eolas domhain den earnáil, tiomantas, creidiúnacht, agus cáilíochtaí pearsanta dearfacha bainisteoirí an chlár.

#3 Coimeádaíocht tomhaiste ar chlár fadtréimhseach a chuir deiseanna ar fáil in Éirinn agus, ar bhealach suntasach, lasmuigh d’Éirinn, go mbeadh na rannpháirtithe in ann taithí a fháil ar obair eile agus ar bhealaí eile oibre; bualadh le agus dul i dteagmháil le gairmithe ceannródaíocha; agus chun piarghrúpa agus gréasán de naisc ghairmiúla a thógáil.

#4 An caidreamh croíúil le comhpháirtithe cláir d'ardseasaimh, agus na deiseanna comh-thairbheacha a chruthaítear do chomhpháirtithe agus do rannpháirtithe trí na caidrimh sin.

#5 Spás sábháilte, rúnda a chruthú, áit a bhféadfadh rannpháirtithe a bheith leochaileach agus go mothaíonn siad go bhfuil siad cumasaithe, nach bhfuil siad scoite amach ina gcuid oibre ná ina mhianta a thuilleadh.

#6 Bhí tiomantas do phróisis fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla athbhreithnithe agus meastóireachta, le hoscailteacht i leith athraithe agus feabhsúcháin a chinntigh gur bhain rannpháirtithe an leas is fearr as Meitheal agus Meitheal ar a ndícheall do rannpháirtithe.

#7 Ar deireadh, agus go cinnte, an tréadchúram a bhí leis an tacaíocht ghairmiúil shaincheaptha a tugadh. Mar chlár tacaíochta do léiriúchán cruthaitheach, thug Meitheal tacaíocht do dhaoine cruthaitheacha ar dtús.

Tá Branar Meitheal tacaithe ag Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Branar Meitheal