Menu

You'll See...

Ulysses do Pháistí?

Sea.

Sea. Ulysses do Pháistí.

Tá scéal eipiciúil James Joyce de lá amháin i gcathair amháin á thabhairt chun beatha sa seó úrnua seo, thugann You'll See... leiriú den leabhar is clúiteach in Éirinn do lucht féachana 8 mbliana d’aois agus os a chionn, agus dóibh siúd ar fad nár léigh an leabhair go fóill. Curtha i láthair mar chuid de Ulysses 2.2, le taibhiú beo, dearadh páipéir nualach, scór nua agus odaisé Joyce, is seó é seo a spreagfaidh óg agus aosta.

Ar 16 Meitheamh 2022, tugtar cuireadh do páistí ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i Mo Lá Bloom agus insint dúinn faoi a gcuid Lá Bloom féin, 100 bliain ó dháta foilsithe an leabhair.

Chomh maith leis an scannáin, tá an-áthas orainn go mbeidh leagan beo den sheó a léireofar den chéad uair mar chuid de Cork Midsummer Festival 2022. Déanfaidh Branar 8 dtaibhiú de You’ll See… ó Déardaoin 16 - Dé Domhnaigh 19 Meitheamh 2022.

Is clár náisiúnta bliana é Ulysses 2.2 de torgaí ealaíonta spleodracha nua, cruthaithe ag ealaíontóirí Éireannacha éagsúla, curtha i láthair i raon léirithe beo, coimisiúin dhigiteacha agus suiteálacha. Tá Ulysses 2.2 curtha in láthair ag Anu, Landmark Productions agus MoLI.

Dírítear ar páistí 8 bliain agus níos sine.

Fad reatha - thart ar 35 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Taibheoir
Helen Gregg
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Léiritheoir
Jonanne Beirne
Cumadóir
Michael Chang
Dearadh agus Cruthú an Leabhair
Maeve Clancy
Dearthóir Fuaime
Adrian Ferry
Dearadh Feistis
Elaine Mears
Cineamatagrafaí
James Ryan and StationHouse Media
Tógáil Seite
Ciaran Kelly
Déantóir Paipéar
Sorcha Ní Chróinín
Bainistóir Stáitse
Debbie Wright
Léiritheoir Líne
Niamh Ní Fhlatharta
Margaíocht Meán Soisialta
Noel Minogue
Cúntóir Léirithe
Nóra Burke
Cúntóir Dearadh
Oisín Parslow
Bainisteoir Togra Ulyssess 2.2
Gráinne Pollak

Conas páirt a ghlacadh ar an Déardaoin, 16 Meitheamh

1. Féach ar an scannán le do dhaltaí! - FÉACH ANSEO

2. Líonann an múinteoir bileog an mhúinteora (15 nóim)

Caithfidh an bhileog seo a bheith in éineacht le do bhileoga ranga nuair a sheolann tú chugainn iad.This sheet must accompany your class sheets when you send them to us.

3. Líonann na scoláirí bileoga oibre (thart ar 45 nóim)

Tá na bileoga oibre déanta suas de 6 cheist a spreagfaidh na scoláirí smaoineamh ar an lá ar bhealach samhlaíoch, ó mhaidin go hoíche. Is féidir le daltaí freagraí a scríobh, nó pictiúir a tharraingt, nó meascán den dá rud. Is féidir é an obair seo a roinnt ar feadh an lae, ag brath ar do phlean oibre.

4. Bailíonn múinteoirí bileoga múinteoirí agus daltaí agus seolann siad chuig MoLI iad.

Seo conas iad a chur ar ais:

Is é an modh seachadta is fearr dúinn ná An Post, ach má tá na háiseanna agat, is féidir leat do leatháin a scanadh agus iad a uaslódáil ar leathanach seo.

Is é an 8 Iúil 2022 an dáta deiridh chun iarratais a sheoladh.

 

Maoinithe le deontas Open Call ó Chomhairle Ealaíon na hÉirinn

Léirithe i gcomhpháirt le Dublin City Council, St Patrick’s Festival, Arts & Disability Ireland, Irish National Opera, Branar, CoisCéim, United Fall, Cork Midsummer Festival, Dublin Port Company agus Poetry Ireland.