
Seó Nua: The Table
Tá athas orainn ár seó nua “The Table” a fhógairt! Beidh sé ag teacht ag tús 2023 chuig an Town Hall Theatre, Gaillimh agus Amharclann an Péacóg, Amharclann an Mainistreach, Baile Átha Cliath.
Fiosraíonn Branar go tuisceanach tionchar an Chogaidh Chathartha tríd an scéal ábhartha seo ar an chaoi go féidir teaghlach a roinnt. Scríofa ag Christian O’Reilly agus stiúrtha ag Marc Mac Lochlainn, tá The Table á léiriú ag cliár ensemble.
Beidh The Table ag teacht chuig an Town Hall Theatre, Gaillimh ón 14 – 18 Feabhra 2023 agus chuig Amharclann an Péacóg, Baile Átha Cliath ón 1 – 18ú Márta 2023
Le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Foras na Gaeilge.

Meitheal Producer Development
Tá an-áthas orainn scéim nua forbartha do Léiritheoirí a sheoladh mar chuid de Meitheal.
Tá muid ag glacadh le hiarratais go dtí 4.00pm, 14 Nollaig. Is féidir iarratas a dhéanamh ag https://form.jotform.com/223206022454342
An léiritheoir thú atá ag obair (nó a bhfuil suim agat obair), sna dtaibh-ealaíon do dhaoine óga? Ar mhaith leat do scileanna léiriúcháin a leathnú nó tuilleadh a fhoghlaim maidir le obair do dhaoine óga? Tacaíonn an scéim nua Meitheal seo le léiritheoirí neamhspleácha a gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt agus caidreamh a chothú le healaíontóirí i dtimpeallacht tacaithe.
Oiriúnach do do léiritheoirí i dtús a gcuid cleachtaaidh nó a bhfuil taithí acu agus a bhfuil ag iarraidh bogadh isteach nó tuilleadh forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sna dtaibh-ealaíon do dhaoine óga.

Join our Board
Táimid ag lorg suas le 3 chomhalta boird nua a cheapadh a oibreoidh leis an mbord reatha agus leis an bhfoireann chun cabhrú linn ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach agus ár bplean straitéiseach nua (2022 - 2025) á chur i bhfeidhm againn. Má mhaith linn na scileanna agus an saineolas ar ár mbord a leathnú agus a dhoimhniú. Go sonrach, táimid ag lorg daoine a bhfuil na scileanna seo a leanas acu:
Saineolas Dlí
Acmhainní Daonna
Cumarsáid
Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach 2 mhí (ár CGB san áireamh) agus is poist deonach atá i gceist. Dá mba mhaith leat comhrá neamhfhoirmeálta a bheith agat faoi conas is féidir leat cur le todhchaí Branar déan teagmháil le Marc Mac Lochlainn ag info@branar.ie

You'll See...
Tá Branar ag dul go Corcaigh an Samhradh seo do Fhéile Cork Midsummer! Beidh ár seó nua You'll See... á léiriú den chéad uair beo ó 16 Meitheamh - 19 Meitheamh. Ticéid ar fáil anseo
Tá scéal eipiciúil James Joyce de lá amháin i gcathair amháin á thabhairt chun beatha sa seó úrnua seo, thugann You'll See... leiriú den leabhar is clúiteach in Éirinn do lucht féachana 8 mbliana d’aois agus os a chionn, agus dóibh siúd ar fad nár léigh an leabhair go fóill.
Tuilleadh eolais ag teacht do scoileanna go luath.

Rothar School's Tour
Tá sceitimíní orainn a mbeidh Rothar ar camchuairt chuig scoileanna timpeall na Gaillimhe mar chuid dár gceiliúradh 21 bliain ar an bhfód. Beimid ar an mbóthar ón 27ú Aibreán go dtí an 13ú Bealtaine. Tá líon an-teoranta spásanna fágtha againn do scoileanna mar sin cur scéala againn má tá fonn ort an seó a chur in áirithe nó má tá tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig info@branar.ie
Léiríodh Rothar den chéad uair mar chuid den féile Baboró (2021), agus anois tá ríméad orainn bheith in ann é a thabhairt chuig dáltaí ar fud an chontae.
Beidh níos mó imeachatí ag ceiliúradh ár lá breithe ag teacht níos déanaí sa bhliain, coinnigh súil amach.

Straitéis Nua
Ár straitéis úrnua 2022-2025 ar fáil anois
Tá an-áthas orainn straitéis nua 2022-2025 na comhlachta a sheoladh. I dteannta na straitéise nua seo, sheol muid Branaróga chomh maith! Is féidir teacht air seo i nGaeilge agus i mBéarla ar ár suíomh idirlín. Cliceáil anseo le níos mó a léamh.

HTCAS Idirnáisiúnta
Tá lúcháir ar Branar filleadh ar camchuairt idirnáisiúnta i mí na Bealtaine seo chugainn tar éis breis agus 2 bhliain. Rachaidh How to Catch a Star chuig Irish Arts Centre, Nua Eabhrac, ón 4 – 15 Bealtaine, agus chuig Féile Leanaí Ottawa, Ceanada, ón 19 – 24 Bealtaine.
Tá sceitimíní orainn go mbeidh How to Catch a Star á chur i láthair mar chuid de chláir an Irish Arts Centre, Nua Eabhrac, in san foirgneamh álainn úrnua a d’oscail i Eanair 2022. Is féidir ticéid a chur in áirithe anseo: https://irishartscenter.org/event/branar-how-to-catch-a-star

Lá Bréa Bog | Grand Soft Day
Tá muid agobair go dian ag pleanáil agus ag forbairt seó nua do na páistí luathbhlianta. Baineann Lá Breá Bog leis an aimsir, báisteach, sneachta, teas, fuacht, bheith ag lapadaíl i locháin agus buatais bháistí. Beidh an Seó a chuir i láthair i bhealach tumtha, suite i foraois álainn draíochtúil.
Beidh tuilleadh forbar a dhéanamh ar Lá Breá Bocht sa bhfómhar (2022) agus osclaíodh an seó i mí Dheireadh Fómhair i mbliana. Is comhléiriú é Grand Soft Day le NIE (New International Encounter). Oiriúnach d’aois - 3-6 (TBC)

Ulysses 2.2
Leabhar amháin. Bliain amháin. 18 turgnaimh ealaíonta.
Tá ríméad orainn a bheith ag obair le Anu Productions, Landmark Productions agus Músaem Litríochta na hÉireann chun Ulysses 2.2 a chur i láthair agus táimid ag tabhairt cuireadh do pháistí na hÉireann teacht ag obair linn!
"Yes, by Jove, Mr. Dedalus said. That will be worth seeing, faith."
Is turas náisiúnta bliana é Ulysses 2.2 le freagraí cruthaitheacha ar an 18 n-eipeasóid a chuireann síos ar ghnáthlá i saol Leopold Bloom. Breis eolais ag www.ulysses22.ie
Tá Ulysses 2.2 arna choimeád, arna chur i láthair agus arna léiriú ag ANU, Landmark Productions agus Músaem Litríochta na hÉireann agus arna mhaoiniú ag Dámhachtain Open Call de chuid na Comhairle Ealaíon.

Coimisiún Nua
Tá ríméad ar Branar go bhfuil an cumadóir Moisés Mas Garcia agus an scannánóir Alice McDowell coimisiúnaithe againn le saothar nua do pháistí idir 2-5 bliana a chruthú, le tacaíocht ó Dhámhachtain Comisiún 2021 na Comhairle Ealaíon.
Thug Moisés agus Alice cuairt ar pháistí agus ar fhoireann Ionad Luathoideachais Ulla Beag, Co. an Chláir, an mhí seo caite. Labhair na páistí leo faoina dtimpeallacht agus faoi fhuaimeanna na timpeallachta sin.
Cuirfear an saothar nua seo amach mar chuid de Fuaimrian, togra nua trialach sna healaíona digiteacha. Breis eolais faoi seo ag teacht go luath.

Rockin Rhymes Béal Feirste
Is seó é Rockin’ Rhymes do dhaoine idir 2 agus 102 a bhfuil dúil acu sa cheol. Eachtra rac is roll is ea é ina bhfuil leaganacha úrnua de rannta cailiúla do pháistí. Seinnfidh banna ceoil beo de chúigear amhráin nuachumtha bunaithe ar na rannta sin. 🎤🥁🎹🎸
Beidh Rockin’ Rhymes ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Dé Sathairn 12 Márta. Is féidir breis eolais faoi thicéid a fháil anseo:
Mar aon le Rockin’ Rhymes glacfaidh Branar páirt i bpainéal Talking TYA ‘Learning to listen’ mar chuid den fhéile. Coinnigí súil amach do thuilleadh sonraí faoi seo go luath!
Léiriú i gcomhar le hAmharclann an Pavilion agus Ionad Ealaíon Ros Comáin is ea Rockin’ Rhymes.

Meitheal: Deis d’Ealaíontóirí
Tá lúchair orainn a fhógairt go bhfuil muid anois ag glacadh le hiarratais do Meitheal, togra nua Seirbhísí Léiriúcháin Chruthaithigh, a bhfuil sé mar aidhm aige tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí a chruthaíonn sathaor do dhaoine óga.
Roinntear tacaíochtaí Meitheal i ndá shainghné éagsúla le cabhrú le healaíontóirí ag pointí eágsúla forbartha dá gcuid oibre. Is iad seo ‘Síolta agus Síolú’ agus ‘Cothú agus Fás’.
Is do luathfhorbairt smaointí i réimsí éagsúla na taibhealaíne é ‘Síolta agus Síolú’
Is d’fhorbairt ar léirithe féideartha é ‘Cothú agus Fás’
Gheobhaidh tú foirmeacha iarratais ag www.branar.ie/meitheal. An spriocdháta d’iarratais ná Dé Luain 31 Eanáir ag 4pm.

Figiúirí Branar 2021: Slán le 2021! 🖐
Gabhann muid buíochas le gach duine a tháinig chuig taispeántais dár gcuid nó a d’oibrigh le Branar i mbliana! Tá roinnt de na figiúirí is fearr linn ó 2021 curtha le chéile againn.
114 taispeántas beo
2,463 sruth ar fud an domhain
25 comhpháirtí
140 ealaíontóir
1,288 seomra ranga ar fud na tíre
4 choimisiún
Go raibh 2022 níos mó agus níos fearr arís!

Breithlá Branar, ár 21ú bliain
Beidh muid 21 bliain d’aois in 2022 agus tá bliain lán de cheiliúradh agus de thograí móra beartaithe againn 😎
Gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a thacaigh le Branar le 20 bliain anuas. Gan bhur gcuid tacaíochta ní fhéadfaimis taithí ealaíon iontachta a chruthú do pháistí.
Mar chuid den cheiliúradh beimid ag crochadh grianghraif de sheanléirithe agus sheanimeachtaí i rith na bliana. Coinnigh súil ar ár ardáin shóisialta nó bain úsáid as #Branar21.