Menu

Maidir le BBranar

Tá Branar Téatar do Pháistí ar cheann de phríomhchompántais amharclannaíochta na hÉireann a chruthaíonn saothar ealaíne do pháistí. Lonnaithe in iarthar na hÉireann, tá cáil ar Branar as an tsárobair álainn, shamhlaíoch a dhéanann muid.

Bunaíodh Branar in 2001 agus tá os cionn 20 seo cruthaithe againn sa tréimhse sin. Oibríonn muid go dlúth le foireann iontach ealaíontóirí agus le comhpháirtithe cruthaitheacha éagsúla ar nós The Ark, Babóro, NIE (Sasana), Starcatchers (Albain), Teatre Reflekion (An Danmhairg) agus le príomhionaid agus féilte ealaíne na hÉireann.

Téann an compántas ar camchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta lenár gcuid oibre a chur ar stáitse go fonnmhar in ionaid ealáine éagsúla ón South Bank Centre i Londain go scoileanna áitiúla na Gaillimhe. Tá muid tiomanta dár lucht féachana agus freastal a dhéanamh orthu cibé áit a bhfuil siad.

Marc Mac Lochlainn – Stiúrthóir Ealaíne – marc@branar.ie

Joanne Beirne – Léiritheoir Feidhmiúcháin – joanne@branar.ie

Niamh Ní Fhlatharta – Riarthóir an Chomhlachta – niamh@branar.ie

Michael Foley – Bainisteoir Táirgeachta– michael@branar.ie

Noel Minogue – Cúntóir Margaíochta – noel@branar.ie

Linda Geraghty – Léiritheoir Cruthaitheach Meitheal – linda@branar.ie

Orla Henihan – Léiritheoir Líne Meitheal – orla@branar.ie

BBranarógra

  • 01

    Tá ár gcroíthe istigh sna scéalta. Geallann muid scéalta a chruthú a mbainfidh páistí taitneamh astu.

  • 02

    Beidh muid cróga, láidir, flaithiúil, mórchroíoch, spraíúil agus dílis dár bhfís. Spreagfaidh muid páistí a bheith amhlaidh trínár gcuid oibre.

  • 03

    Creideann muid go bhfuil féith na cruthaitheachta i ngach páiste. Cuirfimid ceart an pháiste a bheith cruthaitheach chun cinn.

  • 04

    Geallann muid go gcruthóidh muid ealaín lán le hiontas do pháistí. Creideann muid go mba cheart go mbeadh an ealaín lárnach i saol an pháiste.

  • 05

    Cabhróidh muid le daoine eile ealaín lán le hiontas a chruthú do pháistí agus oibreoidh muid le healaíontóirí spreagúla eile chun ealaín lán le hiontas a chruthú do pháistí.

  • 06

    Cuirfidh muid páistí i gcroílár ár gcuid oibre i gcónaí. Is iad ár lucht féachana agus na saineolaithe a bhfuil a dtuairimí uainn iad.

  • 07

    Tabharfaidh muid lántacaíocht don ealaín do pháistí; go mbeidh tuiscint níos fearr uirthi, go mbeidh a spás féin aici agus go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil di.

  • 08

    Tabharfaidh muid ómós do shamhlaíocht agus d’éirim an pháiste agus agus ní dhéanfaidh muid uasal le híseal orthu choíche.

  • 09

    Creideann muid go mba cheart do chuile pháiste ar a laghad dráma amháin a fheiceáil sa bhliain. Déanfaidh muid ár ndícheall an deis sin a chur ar fáil do pháistí na hÉireann.

  • 10

    Tabharfaidh muid aire don chomhshaol daoibh. Déanfaidh muid cinnte go bhfágfar plainéad glan, folláin agaibh le bheith ag spraoi ann.

A–Z BBranar

a

Audience / Abhcóide

Audience is at the heart of everything we do. Beidh Branar mar abhcóide ar son cearta cultúrtha ár lucht féachana

b

Brave / Beocht

We will be brave in our creative choices agus beidh beocht i chuile ní a chruthaíonn muid

c

Curiosity / Crógach

Curiosity is crucial to be  truly creative agus caithfear a bheith crógach le bheith fiosrach

d

Diversity / Draíocht

Diversity is everywhere and we embrace it because from diversity comes Draíocht agus tá draíocht mar sprioc againn i gcónaí

e

Explore / Éagsúlacht

Constantly explore ideas, stories, methods, genres, etc it brings new life to our work agus is as an taiscéalaíocht sin a eascraíonn éagsúlacht

f

Family / Flaithiúil

We make theatre for children and their adults and whatever they family looks like. We think of our collaborators as family and bíonn an doras i gcónaí oscailte mar is mór linn a bheith flaithiúil

g

Genuine / Gaeilge

We always aim to be truthful and genuine in our work, tá an Ghaeilge go smior in ár gcuid oibre agus tá muid ag iarraidh í a roinnt le páistí ar fad an Domhain

h

Humour / Hurlamaboc

Without humour life is dull, we sprinkle it onto all our stories agus is maith linn Hurlamaboc a chruthú lena linn

i

Irish / Iontas

Irish is who we are and how we communicate an t-iontas atá fite fuaite inár gcuid oibre

j

Joy /

We will always  try to bring joy to our audiences because sharing our art with children brings us great joy

k

Kindness /

Kindness is one of the most important things we can have and its something we bake into all our art and actions

l

Language / Léiriú

We are fascinated by languages and we celebrate them in our work, is minic dúinn go leor teangacha a úsáid i léiriú

m

Mentor / Meas

We have benefitted from amazing mentors over the years and we will share our knowledge with artists who want to make work for children. Tá meas againn ar ár lucht féachana agus aon duine atá ag iarradh freastal orthu

n

Nature / Nuálach

We are aware that nature and the environment are in a delicate state we promise not to do any harm to it agus tiocfaidh muid ar mhodhanna atá nuálach chun na críche sin

o

Original / Óige

We try to innovate and be original ar nós gach uile eispéireas le linn na hÓige ba mhaith linn a bheith úr

p

Playful / Páistí

Approach each task with a playful mind agus éist leis na saineolaithe, Páistí

q

Question /

Don’t accept anything until its has been questioned endlessly. Only then has it earned the right to go before our audience

r

Rights / Rí rá

Don’t forget adults, children have the right to have as active a cultural life as you do. Déanfaidh muid Rí Rá go dtí go mbeidh cothrom na Féinne ag páistí

s

Story / Spraoi

We love stories as much as nó beagnach chomh mór agus a thaitníonn Spraoi linn

t

Theatre / Tacaíocht

Theatre is the medium we use most to express ourselves agus tá sé tábhachtach dúinn tacaíocht a thabhairt d’aon duine atá ag iarraidh ealaín a chruthú do pháistí

u

Unique / Úr

There is only one Branar but we want the encourage more artists to find their voice and make work for children. Tá glórtha úra ag teastáil i gcónaí

v

Voices /

We make room for many voices in Branar and we listen to Artist’s voices, teachers voices, families voices, funders and policy makers. But the children’s voices are heard the loudest

w

Wonder /

If there is no wonder around you there cannot be wonder inside you

x

X marks the spot /

y

Young people /

From the moment they have a birth cert they are citizens, equal citizens. Ná déan dearmad

z

Zinger / Zapper, zopper, ziúndín, zaidín

Straitéis BBranar

Straitéis Branar 2022-2025

Is ann do Branar chun eispéiris ealaíon iontacha a chruthú do pháistí le go gcothófar iad agus a gcuid samhlaíochta. Tá imeartas focal i gceist leis an ráiteas seo, dar ndóigh. Is aoibhinn linn a bheith ag spraoi leis an teanga agus tá an spraoi sin lárnach ionainn féin agus inár gcuid oibre – ceann dár mbunluachanna ná a bheith spraíúil. Is ionann Branar agus iontas is ionadh, a bheith iontach agus sa tóir ar an iontas.

Bhí sé feiliúnach, mar sin, agus scór bliain curtha dínn ag Branar, straitéis a chur le chéile agus an aidhm sin a chur chun cinn. Theastaigh uainn ár gcuspóirí, ár bhfís, ár misean, ár luachanna, ár mianta agus na roghanna a dhéanfar agus muid sa tóir ar an iontas, ar an uile bhealach, as seo go ceann ceithre bliana a leagan amach go soiléir.

Rialachas

Glacann Branar go hiomlán leis na riachtanais rialachais agus trédhearcachta atá leagtha amach ag an gComhairle Ealaíon.

Fúinn