Menu

Tograí

Clós Súgartha Digiteach

Tá Branar tiomanta ár lucht féachana a bhaint amach, cibé áit ina bhfuil said. Mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte poiblí Covid-19, tháinig Branar suas le sraith oibre digiteach nua, a bhfuil súil againn leanúint le agus a fhobairt amach anseo.

Pop-up Poetry
for Lil’ Peeps

Scéalta béiríní, cuimhní draíochta, barróga cloinne agus domhain lán d’iontas saol atá á cheiliúradh sa gcnuasach spreagúil nua dánta agus rann do leanaí óga seo.

Is togra il-ardán nua de chuid Branar é Pop Up Poetry for Lil’ Peeps do pháistí suas go 6 bliana d’aois. Tá dánta agus rannta nua i nGaeilge agus i mBéarla cruthaithe ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí Éireannacha Inni-k, Mary Murphy, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Liz Weir don tionscadal uathúil seo. Is féidir le lucht féachana taitneamh a bhaint as an obair seo ar líne trí thaifeadtaí fuaime agus beochan nua leis an ealaíontóir Maeve Clancy.

Coimisiúnaithe ag Clár Éire Ildánach Comhairle Chontae na Gaillimhe, stiúraithe ag an Oifig Ealaíon, i gcomhpháirtíocht le Clár Éire Ildánach de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Contae Ros Comáin, i gcomhar le Children’s Books Ireland agus Éigse Éireann.

Aois: Páistí Luathbhlianta (Suas go 6 bliana)

Físeáin
Pop-up poetry
Meaisín Níochán Eithne Ní Chatháin
Meeting on the Computer Mary Murphy
Pirate Joe Liz Weir
Sciopa Dí Wup! Tadgh Mac Dhonnagáin
David Brown Tadgh Mac Dhonnagáin
Lathútaís Lathataís Eithne Ní Chatháin
Snail Mary Murphy
Seasons Liz Weir
Fuaim
Pop-up poetry

Ag Cruthú Pop-Up Poetry
D’eascair an smaoineamh do Pop-Up Poetry for Lil’ Peeps ónar dtaithí féin ag léamh, ag canadh agus ag aithris rannta do pháistí le saoránaigh bheaga s’againn féin. Imríonn ceol, rím agus rithim rannta do pháistí agus rannta ráiméise tionchar suntasach ar naíonáin agus ar fhorbairt teanga an pháiste. Is aoibhinn le páistí deis a fháil nasc spraíúil a chruthú le tuismitheoir, seantuismitheoir agus/nó curamóir agus dul i mbun spraoi leis an teanga féin, rud a chothaíonn muinín an pháiste féin. Bíodh is gurb ann do chanóin fhadbhunaithe rannta, feictear dúinn nach bhfuil mórán saothar nua foilsithe ag scríbhneoirí agus filí na hÉireann a dhíríonn go speisialta ar pháistí faoi bhun 6 bliana d’aois.

Shocraigh Branar Pop-Up Poetry for Lil’ Peeps a fhorbairt, tionscnamh taibhfhilíochta a dhéanfadh coimisiúnú ar shaothar nua ó scríbhneoirí atá lonnaithe in Éirinn. Chas muid le Jane O’Hanlon ó Éigse Éireann agus le Elaine Ryan ó Children’s Books Ireland a chuir scríbhneoirí agus ealaíontóirí iontacha ó cheann ceann na hÉireann in aithne dúinn. D’eagraigh muid dhá cheardlann do scríbhneoirí agus taibhealaíontóirí mí Bealtaine agus Lúnasa 2019 le plé a dhéanamh ar dhomhan na rannta is na filíochta do dhaoine beaga. Coimisiúnaíodh 4 scríbhneoir, Eithne Ní Chatháin, Mary Murphy, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Liz Weir, i mí Feabhra na bliana seo agus chuir siad a saothar iontach i láthair mí Aibreáin.

Mar gheall ar dhianghlasáil leanúnach Covid-19, athshamhlaíodh na taispeántais bheo a bhí beartaithe mar thaifeadtaí bríomhara de na dánta nua le Helen Gregg, Eithne Ní Chatháin, Conor Geoghan agus Zita Monahan McGowan á gcur i láthair. Tá beochaintí nua bunaithe ar 8 gcinn de na dánta cruthaithe ag an ealaíontóir agus comhghleacaí Branar Maeve Clancy.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Filí
Eithne Ní Chatháin, Mary Murphy, Tadgh Mac Dhonnagáin, Liz Weir
Dearthóir
Maeve Clancy
Cumadóir
Miquel Barceló
Eagarthóir Físeáin
Manuela Corbari
Dearthóir Fuaime
Adrian Ferry
Léiritheoir Cruthaitheach
Joanne Beirne
Maisitheoir Íomha
Niamh Sharkey
Taibheoirí
Helen Gregg, Conor Geoghegan, Eithne Ní Chatháin, Zita Monahan-McGowan, Ellen Mac Lochlainn & Sábha Mac Lochlainn

Fuaimrian

Fuaimrian

Is clár ealaíon digiteach é Fuaimrian, cruthaithe do leanaí luathbhlianta ó bhreith go 7 mbliana d’aois. Is é cuspóir an tionscadail ná éagsúlacht agus cáilíocht na n-ealaíon fuaime & digiteach a chuir ar fáil do leanaí in Éirinn a leathnú agus a fhorbairt.

Cártaí Poist Sonacha

Má éisteann tú go gear, cad is féidir leat a chloisteáil?

An ghaoth ag meirgeadh sna crainn, b’fhéidir tonnta ar an gcladach, nó b’fhéidir lon dubh ag glaoch sa ghairdín? De réir mar a aimsíonn leanaí óga an domhan trína gcuid céadfaí féin go léir, cruthaíonn tírdhreach na bhfuaimeanna ceangal nua dóibh leis.

Tá an dearthóir fuaime Adrian Ferry ó All Go Audio ag obair le foireann Branar chun sraith Cártaí Poist Sonacha a chruthú ina bhfuil fuaimeanna a fuarthas ón dúlra mar chuid de. Tugann na seatanna seo deis do leanaí an dúlra a fhiosrú cibé áit a bhfuil siad, sa bhaile, sa charr, nó croí isteach roimh leaba. Coimisiúnaithe ag Festival of Curiosity.

Fuaim
Fuaimrian
Cártaí Poist Sonacha
Tograí