Scoileanna
Branar sa Scoil
Tá gliondar ar Branar a bheith coimisiúnaithe ag Galway Culture Company chun dhá tionscail rannpháirtíochta ealaíon a chruthú do scoileanna i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, Baineann an tionscal nua seo le ceol, amharclannaíocht agus amharc-ealaíona. An chéad cheann de na tionscail seo ná clár ilghnéitheach ealaíon do cheithre scoil DEIS i nGaillimh, thar raon mór ealaíne.
Is féidir le scoileanna DEIS tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh anseo: https://form.jotform.com/233111839119049
Don dara cuid de Branar sa Scoil seolfaidh Branar cóipeanna fisiceacha de Rockin’ the Classroom, clár oideachais ceoil i nGaeilge agus i mBéarla do pháistí in naíonáin bheaga agus mhóra, rang 1 agus 2 ar fáil saor in aisce do gach scoil i nGaillimh. Is pacáiste oideachais il-ardán é seo ina bhfuil físeáin, CD agus leabhar saothair oideachais, a thugann ceol ó seó Branar Rockin’s Rhymes isteach sa seomra ranga. Beidh scoileanna ag fail a gcóip sa phost go luath in 2024.
Bratach na nEalaíon Digiteach
Togra uile-scoile de chuid Branar is ea Bratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn, a bhfuil sé mar aidhm aige gníomhaíochtaí ealaíne a chothú agus a chúiteamh i scoileanna. Cúis bhróid is ea é do Branar a bheith ag obair le Acorn Life chun an Bhratach a chur ar fáil chuile bhliain.
Is féidir le scoileanna clárú do Bhratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn anois. Leanaigí ar na meáin shóisialta muid nó sínigí suas dár liosta seoltaí anseo le fanacht ar an eolas.
San áireamh i gclár Bhratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn tá:
- 7 gceardlann ealaíne i bhfoirm físeáin gur féidir le múinteoirí agus daltaí a dhéanamh sa seomra ranga (tá leagan do ranganna sóiseareacha agus sinseareacha araon). Tá 2 cheardlann i nGaeilge.
- Moltaí chun forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gceardlann sa seomra ranga.
- Ábhar a thacóidh le rannpháirtíocht sna ceardlanna agus le forbairt a dhéanamh orthu ina ndiaidh sa seomra ranga.
Ráiteas i leith gaiscí agus mianta na scoile do sheasamh agus stádas na n-ealaíon sa scoil is ea Bratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn. Léireoidh an Bhratach go soiléir tiomantas na scoile chun rannpháirtíocht sna healaíona a chothú i measc na ndaltaí, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Tá breis eolais thíos faoin méid atá i gceist.
Níl aon chostas i gceist leis an togra seo. Líon amach an fhoirm seo a leanas chun iarratas a dhéanamh: https://form.jotform.com/260064430300338
Bratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn – Céard atá i gceist?
Is féidir le múinteoirí i gcomhar lena ndaltaí ceann amháin nó níos mó den seacht gceardlann a dhéanamh sa seomra ranga:
- Puipéid Pháipéir le Marc Mac Lochlainn (as Gaeilge)
- Taiscéalaíocht Foraoise le Mary Lou McCarthy (leaganacha Gaeilge agus Béarla)
- Ceardlann Cheoil le Miquel Barceló (Béarla)
- Ceardlann Amharc-ealaíona le Maeve Clancy (Béarla)
- Ceardlann Drámaíochta le Catherine Sheridan (Béarla)
- Ceardlann sa Léarscáilíocht Chruthaitheach le Marc Mac Lochlainn (Béarla)
- Domhan na mBoscaí Bróg le Sorcha Ní Chróinín (Béarla)
B’fhiú do mhúinteoirí 45-60 nóiméad a thabhairt do chuile cheardlann.
Nuair a chríochnaítear an cheardlann moltar do mhúinteoirí forbairt a dhéanamh ar an ngníomhaíocht sa seomra ranga, ag tógáil ar méid a d’fhoghlaim na daltaí. Moltar gníomhaíochtaí breise éagsúla ag deireadh gach físeáin agus san ábhar tacaíochta chomh maith.
Céimeanna chun Bratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn a bhaint amach
Chun Bratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn a bhaint amach tabharfaidh gach seomra ranga sa scoil faoin gceithre chéim seo a leanas:
1. Críochnaigh ar laghad ceardlann amháin
2. Déan gníomhaíocht bhreise i ndiaidh na ceardlainne
3. An méid atá cruthaithe acu a léiriú don scoilphobal uilig sna seomraí ranga, sa bpasáiste nó sa halla
4. Glac grianghraif den taispeántas, scríobh cur síos gearr ar na gníomhaíochtaí agus seol an t-ábhar go Branar.
Ansin déanfaidh Branar athbhreithniú ar na grianghraif agus ar an ábhar scríofa. Bronntar teastas ar scoileanna rannpháirteacha mar aon le lógónna agus greamáin Bhratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn do dhoirsí na scoile agus do na hardáin ar líne (suíomh idirlín agus na meáin shóisialta).
Cén buntáiste atá ann do scoileanna?
- Go leor deiseanna foghlama le tacaíocht chun tabhairt faoi na healaíona cruthaitheacha
- Ceardlanna (i bhfoirm físeáin) á dtreorú ag ealaíontóirí don seomra ranga
- An Bhratach Dhigiteach féin, a thabharfaidh aitheantas d’iarrachtaí ealaíne na scoile agus gur féidir a roinnt leis an scoilphobal uilig.
Déan iarratas ar Bhratach Dhigiteach na nEalaíon Acorn
Le hiarratas a dhéanamh líon amach an fhoirm ag an nasc seo a leanas:
Branar sa Scoil
Branar sa Scoil is a dynamic arts engagement programme designed to enhance children's learning and engagement with the arts through tailored support for the delivery of the arts curriculum.
Each year, Branar collaborates closely with participating schools to provide an immersive arts experience, customized to meet the unique needs of each school. The programme features a mix of in-person workshops with professional artists, digital arts resources, and live performances, creating a rich and varied arts experience for students and teachers alike.
Branar sa Scoil aims to boost teacher confidence in delivering the arts curriculum, enhance children’s arts learning and foster deeper engagement with the arts in schools.
Originally commissioned by Galway Culture Company in 2023, Branar sa Scoil is supported by funding from Galway City Council for 2024/2025.
Racáil sa Rang
Seo Linn ag racáil!
In éagmais deiseanna do pháistí scoile seónna beo a fheicéail tháinig Branar le chéile leis an Linenhall Arts Centre, agus an Lime Tree Theatre chun tionscadal ceoil spreagúil nua a cruthú do leanaí Naíonáin Bheaga & Mhóra, Rang 1 & 2. Is tionscnamh ilardán é Rockin’ the Classroom a thugann ceol ó seó Branar Rockin’ Rhymes isteach sa seomra ranga.
Gheobhaidh gach rang:
CD don albam
Pacáiste Foghlama do mhúinteoirí
Nasc do Fhíseáin Rockin’ the Classroom
Póstaer Rockin’ Rhymes
Conas Racáil
Tugann Rockin’ the Classroom deis do pháistí agus do mhúinteoirí taitneamh a bhaint as amhráin an tseó agus iniúchadh a dhéanamh orthu, le foghlaim faoi dhéantús agus faoi dhomhan an cheoil. Táimid ag súil go spreagfaidh an togra seo páistí a gcuid rac ceoil féin a chumadh.
Mar gheall ar tacaíocht ón Linenhall Arts Centre, The Lime Tree Theatre, Oifig Ealaíon Comhairle Catharach na Gaillimhe, Oifig Ealaíon Comhairle Contae na Gaillimhe agus Chomhairle Ealaíon na hÉireann, tá an pacáiste ar fáil saor in aisce. Is gá do ranganna íocaíocht de €7.50 a thabhairt in aghaidh an phacáiste le haghaidh P&P. Moltar pacáiste amháin do gach seomra ranga. Is é an t-am seachadta ar orduithe ná suas le 7 lá oibre.
Más mian leat pacáiste Rockin’ the Classroom a cheannacht déan teagmháil le Branar ag info@branar.ie
Rockin’ the Classroom
Seo Linn ag racáil!
In éagmais deiseanna do pháistí scoile seónna beo a fheicéail tháinig Branar le chéile leis an Linenhall Arts Centre, agus an Lime Tree Theatre chun tionscadal ceoil spreagúil nua a cruthú do leanaí Naíonáin Bheaga & Mhóra, Rang 1 & 2. Is tionscnamh ilardán é Rockin’ the Classroom a thugann ceol ó seó Branar Rockin’ Rhymes isteach sa seomra ranga.
Gheobhaidh gach rang:
CD don albam
Pacáiste Foghlama do mhúinteoirí
Nasc do Fhíseáin Rockin’ the Classroom
Póstaer Rockin’ Rhymes
Conas Racáil
Tugann Rockin’ the Classroom deis do pháistí agus do mhúinteoirí taitneamh a bhaint as amhráin an tseó agus iniúchadh a dhéanamh orthu, le foghlaim faoi dhéantús agus faoi dhomhan an cheoil. Táimid ag súil go spreagfaidh an togra seo páistí a gcuid rac ceoil féin a chumadh.
Mar gheall ar tacaíocht ón Linenhall Arts Centre, The Lime Tree Theatre, Oifig Ealaíon Comhairle Catharach na Gaillimhe, Oifig Ealaíon Comhairle Contae na Gaillimhe agus Chomhairle Ealaíon na hÉireann, tá an pacáiste ar fáil saor in aisce. Is gá do ranganna íocaíocht de €7.50 a thabhairt in aghaidh an phacáiste le haghaidh P&P. Moltar pacáiste amháin do gach seomra ranga. Is é an t-am seachadta ar orduithe ná suas le 7 lá oibre.
Más mian leat pacáiste Rockin’ the Classroom a cheannacht déan teagmháil le Branar ag info@branar.ie