Menu

Clann Lir

Clann Lir’s young viewers, and the adults in the theatre, were enthralled throughout the show.

— Irish Theatre Magazine

Tá grá athar dá pháistí ag croílár na hathinsnte seo den sean scéal clúiteach Clann Lir.

Sa léiriú beoga seo, díríonn Branar ar an seanscéal mar shíscéal. Feiceann muid tóraíocht Lir dá pháistí; claochlú draíochta; trí dheis chun an gheis a bhriseadh, agus go leor eile.

Insítear an scéal draíochta seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nua- chumtha.

Arna stiúradh ag Marc Mac Lochlainn. Ceol le Micheal Chang agus Freda Nic Giolla Chatháín.

Cruthaithe le tacaíocht ó Deis, Foras na Gaeilge agus An Comhairle Ealaíon.

Bhí CLann Lir athchóirithe 3 huaire, taisteal an seó timpeall na hÉirinn, agus chuig an Bhreatain Bheag agus an Ghearmáin. Cruthaíodh clár faisnéise 25 nóiméad – ‘Fionnuala – Puipéad Beag ar Thuras Mór’ – do TG4 tar éis léiriú Chlann Lir sa Cholóim sa Ghearmáin. Craoladh an clár faisnéise seo den chéad uair ar TG4 ar 21 Samhain 2013 ag 8i.n.

Dírítear an seó seo ar pháistí ó 6 - 10 bhliain d'aois.

Fad reatha - thart ar 40 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Cumadóir agus Ceoltóir
Michael Chang
Cumadóir agus Ceoltóir
Freda Nic Giolla Chatháin
Dearadh Seite agus Soilse
Marcus Quinlan
Dearadh Puipéid
Suse Reibisch
Dearadh Feistis
Miriam Donohue
Taibheoir
Neasa Ní Chuanaigh
Taibheoir
Grace Kiely