Menu

An Chéad Chéim

De réir mar a théann an drama ar aghaidh bogann choirnéil do bhéil i dtreo do chluasa go dtí go bhfuil aoibh gháire ollmhór ort agus nuair a théann na soilse ar siúl ba mhaith leat - arís, arís le do thoil - a béiceadh os ard.

— Foinse

Bogann Myles agus a mhám go dtí teach nua. Tá an spéis ag Myles san ealaíon agus bíonn sé ag tarraingt pictúirí an t-am ar fad. Anuas ar na fadhbanna eile ar fad a bhaineann le bogadh isteach in áit nua tá Dano.

Féiceann muid samhlaíocht Myles ag déanamh neach beo as na rudaí sa seomra. Pléitear an tábhacht a bhaineann le séasamh suads dhuit fhéin agus an gá atá le tuiscint ar daoine eile sa dráma spraoiúl seo. Baintear leas as ceol beo agus puipéadóireacht neamh ghnáth sa léiriú samhailteach agus snasta seo.
Ba é An Chéad Chéim an chéad léiriú de chuid Branar a bhí mar chuid den Fhéile Baboró I 2007.

Dírítear an seó seo ar pháistí ó 8 – 12 bliain.

Fad reatha - thart ar 45 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Miquel Barceló
Dearadh Seite
Marcus Quinlan
Ceol
Morgan Cooke agus Máire Greaney
Taibheoir (Dano)
Marc Mac Lochlainn
Taibheoir (Myles)
Morgan Cooke
Taibheoir (Mam)
Máire Greaney