Menu

Aistear Ailbí

Fágtar Ailbí léi féin tar éis stoirme. Tá an baile ar fad réabtha. Bíonn sí ina haonar go dtí go dtosaíonn bláth ag fás ann. Ach le himeacht ama tosaíonn an bláth ag sleabhcadh, ní thuigeann Ailbí cén fáth? Dar léi, tá áilleacht tar éis an bláth a thréigean. Socraíonn sí dul sa tóir ar áilleacht len í a thabhairt ar ais. Ar an aistear castar daoine aite éagsúla uirthi a bhfuil tuiscint difriúil acu ar cá bhfuil áilleacht le fáil.

Baintear leas as ceol nua-chumtha, uirlisí neamhghnácha, maisc draíochta agus puipéid iontacha sa léiriú spreagthach, snasta, insroichte seo. Tar linn ar Aistear Ailbí.

Dírítear an seó seo ar pháistí ó 6 – 10  bhliain d'aois.

Fad reatha – 50 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Taibheoir (Nóta)
Marc Mac Lochlainn
Taibheoir (Ailbí)
Ionia Ní Chróinín
Taibheoir (Cedric)
Máire Greaney
Stiúrthóir
Miquel Barceló
Cumadóir
Morgan Cooke
Dearadh Seite agus Prapaí
Marcus Quinlan