Léirithe le teacht
Ceapaim go bhfuil mé i mo dhúiseacht... Ach céard a dhúisigh mé?
An buille beag sin ar an bhfuinneog, an tsliseog ghréine sin ar an mballa, mo chos fhuar?
Mar sin a thosaíonn scéal láncheol faoi lá pháiste amháin, a dhéanann iontach an ghnáthrud. Le ceol beo, scéalaíocht bhríomhar agus beochan spleodrach.
Taispeántas beo é seo arna choimisiúnú ag Branar agus curtha i láthair ag an ConTempo Quartet. Comhthogra de chuid Branar agus Cónaitheacht Cheoil na Gaillimhe. Focla agus beochan leis an údar clúiteach do pháistí Mary Murphy agus bunscór leis an gcumadóir iomráiteach Tom Lane.
Cruthaithe do páistí 4 bliana d'aois agus níos sine.
Fad: thart ar 40 nóim
Cruthaithe ag Branar i gcomhair le Galway Music Residency.