Menu

Maloney’s Dream

The sophisticated theatrical language ensures that nothing is lost in translation. Outstanding.

— Irish Times

Luan na Cásca, 1916.

Filleann Thaddeus Maloney abhaile chun a bhrionglóid a chur i gcích agus óstán a oscailt ar Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill an lae inniu) ar Luan Cásca. Cuireann imeachtaí an Éirí Amach isteach ar a chuid pleananna ach ní mhúchtar spréach a bhrionglóide ariamh. Léiríonn an seó dáthenagach seo tionchar gach chuimse an Éirí Amach ar shaolta na ngáthdaoine.

Is scéal meallach, lán le haicsean é Brionglóid Maloney atá curtha i láthair ag sárfhoireann aisteoirí. Tá an taispeántas lán le ceol beo, drámaíocht fhisiciúil agus puipéadóireacht. Pléisiúr aoibhinn agus siamsúil atá i ndán do dhaoine ó liath go leanbh.

Le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916, thug Branar faoi camchuairt na tíre leis an taispeántas dar teideal Brionglóid Maloney, do lucht féachana 8 mbliana d’aois agus níos sine. Bhí an chéad taibhiú ar siúl i nGaillimh agus bhí taispeántas in 11 ionad ar fud na tíre. San áireamh bhí 4 ionad i mBaile Átha Cliath. Is í Seachtain na Cásca 1916 cúlra an scéil i mBrionglóid Maloney.

Dírítear an seó seo ar pháistí ó 8 bhliain d'aois.

Fad reatha - thart ar 1 uair agus 15 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Dearadh Seite
Maeve Clancy
Léiritheoir
Joanne Beirne
Dearadh Soilse
Adam Fitzsimons
Dearadh Feistis
Miriam Donohue
Cumadóir
Michael Chang
Dearadh Puipéad
Suse Reibisch
Taibheoirí
Miquel Barceló, Michael Chang, Jonathan Gunning, Helen Gregg, Grace Kiely, Zita Monahan
Bainisteoir Léirithe
Ciaran Kelly
Bainisteoir Stáitse
Rae Visser
Cuntóir Deardh Feistis
Elaine Mears
Comhairleoir
Eileen Gibbons
Togáil Seite
Gavin Morgan
Togáil Prapaí
Ciaran Kelly
Caidreamh Poiblí
Christine Monk & Sinead Mc Phillips
Grianghrafadóireacht
Anita Murphy
Beochan
Maeve Clancy
Maoirseacht Scriopt
Sorcha Ní Chróinín
Riaratóir
Aneeseh Duncliffe
Dearadh Cló
Peter O’Toole