Menu

Bláth

Chruthaithe ag Branar, bunaithe ar an leabhar “The Flower’ be John Light & Lisa Evans.

Tá Bláth suite i ndomhan gan dathanna ná plandaí. Tagann buachaill ar leabhar draíochta, tugann sé abhaile faoi rún é agus feiceann sé bláthanna don chéad uair. Tar éis dó paicéadsíolta a aimsiú i seansiopa tugann sé faoi eachtra chun beochta chur sa bhláth.

Tá Bláth bunaithe ar an leabhar “The Flower’ be John Light & Lisa Evans. Is í Maeve Clancy, amharcealaíontóir, a dhear agus a rinne an seit, agus tá ceol nuachumtha ag Colm Mac Con Iomaire (The Frames) don léiriú seo. Is léiriú gan teanga é Bláth a chuirfidh draíocht ar an lucht féachana nuair a rachaidh siad isteach i ndomhan déanta go hiomlán as páipéar.

Curtha i láthair ag Branar i gcomhar le Roscommon Arts Centre & Limerick City of Culture.

Seó gan teanga.

Dírítear an seó seo ar pháistí ó 4 bhliain d'aois, agus a ndaoine fásta.

Fad reatha - thart ar 40 nóiméad.

Foireann Chruthaitheach
Stiúrthóir
Marc Mac Lochlainn
Léiritheoir
Joanne Beirne
Dearadh Seite
Maeve Clancy
Cumadóir
Colm Mac Con Iomaire
Dearadh Soilse
Adam Fitzsimons
Dearadh Puipéid
Suse Reibisch
Dearadh Feistis
Miriam Donohue
Taibheoir
Réidín Ní Thuama
Taibheoir
Sandra Gonzalez Bandera
Bainisteoir Teicniúil
Ciarán Kelly
Tógáil Seite
Ciarán Kelly
Teicneoir Camchuairt
Darach Ó Ruairc
Riarthóir
Aneesah Hijazeen