subscribebutton

Alt faoi Branar in Nós.ie

10
Nov
2015
Maloneysdream

SLÁN LE PUIPÉID BHÍDEACHA…
…fáilte roimh ‘eispéireas mór mílteach’!

Labhair Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir ealaíne an chompántais amharclainne Branar, le NÓS faoin suíomh idirghníomhach nua ‘maloneysdream.ie’ a seoladh an tseachtain seo agus faoin dráma trítheangach a insíonn scéal Éirí Amach na Cásca 1916, ar a bhfuil an suíomh bunaithe.


“Tá muid bailithe amach as réimse na bpuipéad beag agus gaibhte isteach ar scála i bhfad níos mó. Tá seachtar páirteach sa léiriú úrnua seo, seinneann siad ceoil, canann siad, is puipéadóirí roinnt acu, eispéireas mór mílteach is ea é!” arsa Marc le NÓS faoina thogra is déanaí, Brionglóid Maloney / Maloney’s Dream.

Cé go bhfuil cáil ar an chompántas Branar as sár-léiriúcháin stáitse a chruthú le puipéid bheaga bhídeacha, ar nós Bláth (a bheas ag dul ar camchuairt ag tús mhí Dheireadh Fómhair), The Way Back Home, An Seanfhear Beag, agus Clann Lir a tháinig roimhe, mhothaigh Marc go raibh gá le cur chuige éagsúil chun scéal “chomh mór leis an Éirí Amach a thabhairt beo”.

I measc an tseachtair atá bainteach le Brionglóid Maloney, tá Ionia Ní Chróinín, Grace Ní Chadhla, atá beirt sa dráma Star of The Sea, Miquel Barceló agus Jonathan Gunning ón chomhlacht drámaíochta Gombeens agus Sean T. O Meallaigh, a bhí le feiceáil i bpáirt Pádraig Connolly i mórshraith TG4 An Klondike le trí seachtaine anuas.

Branar

Suite i mBaile Átha Cliath, tá an dráma timpeallaithe ar Thaddeus Maloney, fear óg a philleann ar Bhaile Átha Cliath ón mhór-roinn i mí Mheán an Fhómhair 1915 le hóstán a fágadh aige a reáchtáil, tar éis bhás a athar.

“Bhí brionglóidí ag Thaddeus, mar a bhí ag go leor sa gcathair ag an am sin. Bhí daoine ag brionglóidí faoin Ghaeilge, faoi shaoirse, faoi athbheochan chultúrtha agus bhí Thaddeus ag díriú ar a fhiontar nua, óstán iontach, a bheadh á oscailt aige Luan Cásca 1916,” arsa Marc.

I measc a raibh le cloisteáil ar aerthonnta na tíre an t-am sin, bhí leagan George MacFarlane den amhrán traidisiúnta ‘A Little Bit of Heaven’, amhrán a d’fhan ag barr na gcairteacha ar feadh 15 seachtain agus atá ar fáil le cluas a thabhairt dó ach an seinnteoir ceirníní a bhrú agus tú ag brabhsáil ar an suíomh.

Ag caint ar am, bhí Éire go fóill ag cloí le meán-am Bhaile Átha Cliath agus ní go dtí roinnt míonna tar éis an Éirí Amach a cuireadh Meán-Am Greenwich i bhfeidhm, blúiríní spéisiúla atá ar fáil ar an láithreán.

Is bealach isteach atá sa suíomh ar an domhan a bhí mórthimpeall ar Thaddeus agus ar dhaoine eile ag an am, mar atá puipéad trí throigh ar airde ag léiriú thuairimí na ndaoine a chónaigh sna tionóntáin ag an am.

“Feiceann muid an tionchar a imríonn an tÉirí Amach ar ghnáthdhaoine i mBaile Átha Cliath. Scéal na cosmhuintire atá ann ar go leor bealaí. Tháinig sé go tobann agus ní raibh a fhios ag éinne go raibh sé ag tarlú agus tugtar suntas dó seo sa ndráma,” arsa Marc.

Is meascán d’ábhair atá ar fáil ar an suíomh a chruthaigh Branar chomh maith le hábhar spéisiúil ar tháinig siad orthu le linn a dtaighde féin agus iad ag ullmhú don dráma.

Treoraítear cuairteoirí go suíomhanna iontacha eile amhail cartlann RTÉ ar a bhfuil físeáin ón am.

PDF

Is í Sorcha Ní Chróinín, Bainisteoir an Tionscadail,  a tháinig ar choincheap an tsuímh.

Maeve Clancy a chruthaigh na beochana agus Peter O’Toole a dhear.

“An smaoineamh atá taobh thiar den suíomh ná go raibh muid ag iarraidh an t-eolas ar fad a bhailigh muid le chéile a thaispeáint, agus ceangal a dhéanamh idir domhan an dráma agus an suíomh,” arsa Sorcha le NÓS.

Tá pleananna ceachta agus áiseanna foghlamtha ar fáil i nGaeilge agus Béarla ar an suíomh chomh maith le físeáin dátheangacha, dírithe ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí ar mhian leo foghlaim faoin tréimhse sula dtéann siad chuig an dráma.

“Ar cheann de na rudaí is mó a thaitin linn faoin gcur chuige seo ná go mbeadh cur amach ag an lucht féachana ar an gcúlra agus tuiscint mhaith ag na daltaí faoin scéal cheana,” arsa sí.

Beidh Brionglóid Maloney ar dul ar an bhóthar mí Aibreáin 2016.

Idir an dá linn, tabhair cuairt ar maloneysdream.ie agus gabh siar go haimsir 1916 anois.

(Tá aischothú á chuartú ag Branar faoin suíomh mar sin déan teagmháil leo má tá aon mholadh agat dóibh!)

© Branar 2015 - Web Design / Development by Aoife Kelly